Seirbhís Gaeilge

Tá áthas orainn a bheith ag obair le Lionra Leitir Ceanainn leis an Ghaeilge a spreagadh i Leitir Ceanainn. Ceapadh Líonra Leitir Ceanainn le Plean Teanga a chur le chéile do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá Paul ar fáil más mian leat seirbhísí Gaeilge a bheith agat.

Mar bhall de Chomhar Creidmheasa Leitir Ceanainn;

  • Is leatsa an comhar creidmheasa seo
  • Tá cead cainte agat maidir le reáchtáil Chomhar Creidmheasa Leitir Ceanainn.
  • Tá tú ábalta rátaí cothroma agus iomaíocha a fháil ar choigilteas agus ar iasachtaí.

Baincéireacht Shoghluaiste

Tá modh furasta á chur ar fáil ag do Chomhar Creidmheasa duit anois chun do chuid airgid a bhainistiú agus tú ‘ag teacht is ag imeacht’ agus i slí atá áisiúil duit. Níl le déanamh agat ach an Aip Shoghluaiste a íoslódáil chun d’iarmhéideanna a sheiceáil go sábháilte, billí a íoc, agus airgead a aistriú go hinmheánach agus go seachtrach.

Coigiltis

Nuair a shábhálann tú airgead le Comhar Creidmheasa Leitir Ceanainn tá níos mó i gceist ná bheith i do chustaiméir amháin - is ball de chomharchumann an-rathúil thú.

Iasachtaí

Má tá tú ag iarraidh airgead a fháil ar iasacht le cuidiú le do chostais tí nó le rud éigin níos costasaí a cheannach, tá an iasacht phearsanta cheart againn a oirfidh duit.

Airgeadra Eachtrach

An bhfuil sé ar intinn agat dul thar sáile i mbliana? An bhfuil aon airgeadra eachtrach de dhíth ort? Tig linn réimse leathan d’airgeadra eachtrach a chur ar fáil dár gcuid ball.

Más mian leat tuilleadh eolais déan teagmháil le Comhar Creidmheasa Leitir Ceanainn inniu.

Téigh i dteagmháil linn
Top